Reading (Foundation and Higher)
Read the description of Áine’s pet. Decide if the statements are true or false.
Léigh an cur síos ar pheata Áine. An bhfuil na ráitis fíor nó bréagach?
Tá peata ag Áine. Is madadh í. Is Jack Russell í agus Onla an t-ainm atá uirthi. Tá sí sé bliana d’aois. Rugadh í ar an chúigiú lá déag de mhí na Nollag, 2014. Tá sí bán le spotaí donna. Madadh deas séimh atá inti. Tá sí bríomhar ach cairdiúil agus cineálta. Tá sí ina cónaí i gcró sa ghairdín ar chúl an tí agus má bhíonn sé fuar nó fliuch, téann sí isteach sa chró. Nuair a thagann fear an phoist, tosaíonn sí ag tafann.
Roimh dhul ar scoil, tugann Áine babhla uisce di agus itheann Onla bia madaidh. Nuair a thagann Áine abhaile ón scoil, glacann sí Onla ar shiúlóid sna páirceanna. Don dinnéar, tugann Áine feoil di. In amanna, glacann Áine isteach sa leaba í ach níl cead aici bheith sa teach. Tá a croí istigh in Onla.

Question
Is cat í Onla.
Bréagach
Question
Tá sí cúpla bliain d’aois.
Bréagach
Question
Tá dath donn agus bán uirthi.
Fíor
Question
Cónaíonn sí i stáblaí.
Bréagach
Question
Fanann sí sa teach gach lá.
Bréagach
Question
Ólann sí uisce gach lá.
Fíor
Question
Ní maith léi fear an phoist.
Fíor
Question
Téann Áine ag siúl léi.
Fíor
Question
Tá cead ag Onla bheith sa seomra leapa.
Bréagach
Translation
Áine has a pet. She is a dog. She is a Jack Russell and Onla is her name. She is six years old. She was born on the 15th of December 2014. She is white with brown spots. She is a nice calm dog. She is lively but friendly and kind. She lives in a kennel in the garden behind the house and if it is cold or wet she goes into the kennel. When the postman comes, she starts barking.
Before going to school, Áine gives her a bowl of water and Onla eats dog food. When Áine comes home from school, she takes Onla on a walk through the fields. For dinner, Áine gives her meat. Sometimes, Áine takes her into bed but she is not allowed to be in the house. She loves Onla.