Reading
Read the following passage about Orlaith from her social media profile.
Is mise Orlaith Nic Giolla Cearra agus is as Baile Átha Cliath mé. Rugadh mé ar an aonú lá is tríocha de mhí na Nollag, míle naoi gcéad nócha is a cúig.
Is múinteoir scoile mé agus tá cúig pháiste is fiche i mo rang. Is breá liom mo scoil. Siúlaim ar scoil gach lá agus de ghnáth, siúlaim deich míle céim in aghaidh an lae, *de réir aipe ar m'fhón póca.
Tá mé iontach tanaí. Tá ocht gcloch go leith meáchain ionam agus tá mé cúig troithe ocht n-orlaí ar airde. Cónaím in uimhir a naoi Sráid Uí Chonaill agus tá trí chat agam. Tá cúigear deirfiúracha agus deartháir amháin agam, chomh maith le mo mhamaí agus mo dhaidí.
Téim ar laethanta saoire go dtí an Ghaeltacht gach samhradh le mo bheirt chairde agus fanann muid mí ann. Leanaim na mílte duine ar na meáin shóisialta ach níl ach thart ar ocht gcéad leantóir agam féin.
*de réir aipe- according to an app
Reading (Foundation)
Read the passage above and fill in the blanks. Léígh an t-alt agus líon na bearnaí.
Question
Orlaith was born on the _____ of December.
Orlaith was born on the thirty-first of December.
Rugadh mé ar an aonú lá is tríocha de mhí na Nollag.
Question
Orlaith walks _____ steps every day.
Orlaith walks ten thousand steps every day.
Siúlaim ar scoil gach lá agus de ghnáth, siúlaim deich míle céim in aghaidh an lae, de réir aipe ar m'fhón póca.
Question
Orlaith lives at number _____ O'Connell Street.
Orlaith lives at number nine O'Connell Street.
Cónaím in uimhir a naoi Sráid Uí Chonaill.
Question
She owns _____ animals.
She owns three animals.
Tá trí chat agam.
Question
There are _____ people in her family in total.
There are nine people in her family in total.
Tá cúigear deirfiúracha agus deartháir amháin agam, chomh maith le mo mhamaí agus mo dhaidí.
Question
_____ of her friends go with her to the Gaeltacht each summer.
Two of her friends go with her to the Gaeltacht each summer.
Téim ar laethanta saoire go dtí an Ghaeltacht gach samhradh le mo bheirt chara agus fanann muid mí ann.
Reading (Higher)
Based on the passage above, can you answer the following questions? Léigh an t-alt agus freagair na ceisteanna seo a leanas.
Question
In which year was Orlaith born?
1995 - míle naoi gcéad nócha cúig
Rugadh mé ar an aonú lá ‘s tríocha de mhí na Nollag, míle naoi gcéad nócha ‘s a cúig.
Question
How many children does she teach?
twenty-five - cúig pháiste is fiche
Is múinteoir scoile mé agus tá cúig pháiste ‘s fiche i mo rang.
Question
How tall is Orlaith?
five foot eight inches - cúig troithe ocht n-orlaí
Tá mé cúig troithe ocht n-orlaí ar airde.
Question
How many sisters does she have?
five sisters - cúigear deirfiúracha
Tá cúigear deirfiúracha agus deartháir amháin agam.
Question
How many weeks will Orlaith be in the Gaeltacht?
four weeks - mí
Téim ar laethanta saoire go dtí an Ghaeltacht gach samhradh le mo bheirt chara agus fanann muid mí ann.
Question
How many followers does she have on social media?
about eight hundred - thart ar ocht gcéad
Leanaim na mílte duine ar na meáin shóisialta ach níl ach thart ar ocht gcéad leantóir agam féin.
Translation of passage
I am Orlaith Kerr and I am from Dublin. I was born on the 31st of December, 1995. I am a school teacher and I have twenty-five children in my class. I love my school. I walk to school every day, I usually walk ten thousand steps per day according to an app on my phone. I am very thin. I am eight and a half stone and I am five foot eight inches tall. I live at number nine O’Connell Street and I have three cats. I have five sisters and one brother, as well as my mum and dad. I go on holidays to the Gaeltacht every summer with my two friends and we stay there a month. I follow thousands of people on social media but I only have around eight hundred followers myself.