Listening (Foundation and Higher)
You hear the latest news and sport headlines on a BBC Radio Ulster podcast.
Fill the gaps in the sentences in English. Líon na bearnaí sna habairtí i mBeárla.
Question
Someone won £_____ in the National Lottery at the weekend.
Someone won £1,500,000 in the National Lottery at the weekend.
Bhain duine éigin i gContae Fhear Manach milliún go leith punt sa chrannchur náisiúnta ag deireadh na seachtaine.
Question
The Gaelic football score was five goals three points to _____ goal _____ points.
The Gaelic football score was five goals three points to one goal two points.
Ba é cúig chúl, trí chúilín in éadan cúl, dhá chúilín an scór ag an deireadh.
Question
Manchester United won by _____ goals.
Manchester United won by three goals.
D'imir Manchain Aontaithe in éadan Learphoill agus bhí an bua ag Manchain Aontaithe a ceathair - a haon.
Question
The camogie game is at _____ o'clock.
The camogie game is at six o'clock.
Tá foireann camogaíochta Aontroma agus Chill Chainigh ag imirt ar a sé i bPáirc Esler in Iúr Cinn Trá.
Question
Anyone interested in becoming the new Donegal manager should call _ _ 353 _ 5745 _ _ _ 2.
Anyone interested in becoming the new Donegal manager should call 00 353 95745 6382.
Cuir scairt orthu má tá suim agat ann ar a náid a náid, a trí a cúig a trí, a naoi a cúig, a seacht a ceathair, a cúig a sé, a trí a hocht a dó.
Question
Serena Williams has won _____ titles.
Serena Williams has won twenty-three titles.
Bhain Serena Williams comórtas eile agus anois tá trí theideal is fiche aici don leadóg.
Question
Usain Bolt will run in the _____ race.
Usain Bolt will run in the two hundred metres race.
Beidh Usain Bolt ag rith sa chomórtas dhá chéad meadar an deireadh seachtaine seo i Nua Eabhrac.
Transcript
Bhain duine éigin i gContae Fhear Manach milliún go leith punt sa chrannchur náisiúnta ag deireadh na seachtaine.
Bhí an Dún ag imirt peile in éadan Thír Eoghain Dé Sathairn agus ba é cúig chúl, trí chúilín in éadan cúl, dhá chúilín an scór ag an deireadh ach ag leath ama bhí comhscór ann.
D’imir Manchain Aontaithe in éadan Learphoill agus bhí an bua ag Manchain Aontaithe a ceathair - a haon.
Tá foireann camógaíochta Aontroma agus Cill Chainnigh ag imirt ar a sé i bPáirc Esler in Iúr Cinn Trá.
Ba mhaith le foireann Dhún na nGall bainisteoir nua. Cuir scairt orthu má tá suim agat ann ar 00 353 9574 56382.
Bhain Serena Williams comórtas eile agus anois tá trí theideal is fiche aici don leadóg.
Beidh Usain Bolt ag rith sa chomórtas dhá chéad meadar an deireadh seachtaine seo i Nua Eabhrac.
Translation
Someone in County Fermanagh won £1,500,000 in the National Lottery at the weekend.
Down were playing Gaelic football against Tyrone on Saturday and the score was five-three against one-two at the end, but at half time there was a draw.
Manchester United played against Liverpool and Man United won four-one.
The Antrim and Kilkenny camogie teams are playing at six in Park Esler in Newry.
The Donegal team would like a new manager. Phone them if you are interested on 00353 957456382.
Serena Williams won another competition and now has twenty-three tennis titles.
Usain Bolt will be running in the two-hundred metres competition this weekend in New York.